← Ach is minic a lean leas-ainm do dhuine, go dtí sa deireadh nach mbeadh a fhios cé a bhí tú a mhaoímh dá dtugthá an t-ainm a bhí thíos air i leabhar a bhaiste. 🔊✎
← An sean-duine seo ar tharraing mé an scéal air, chaith sé seal i Meiriceá. 🔊✎
← I gColorado a bhí sé an mhórchuid dá am. 🔊✎
← Ní raibh mé ach i mo stócach san am. 🔊✎
← Ach ní raibh mé i bhfad san obair gur chuir mé sonra i gColorado. 🔊✎
← I lár na seachtaine i gcónaí théadh sé amach agus scian leis agus bhaineadh sé dornán coirte de chrann a bhí i bpairc thall ós cionn dhoras a hut. 🔊
← Bhíodh rún i gcónaí aige airgead an tobac a chur i dtaisce an Satharn sin a bhí chuige. 🔊✎
← Tráthnóna amháin samhraidh, i ndiaidh obair an lae a bheith déanta, bhí sé ina shuí thíos ar bhruach srutháin a bhí ann. 🔊✎